Eolas faoi airgead

Ní bhíodh airgead ag teacht amach as meaisíní airgid i mbainc i gcónaí. Is fada an stair atá ag an airgead agus tháinig forbairt air in imeacht na mílte bliain. D’fhorbair an tsochaí agus an gá a bhí againn le cineálacha airgid níos sofaisticiúla as láimh a chéile mar a insítear anseo thíos.

Céard é airgead?

Taispeánann stair an airgid dúinn gur modh malartaithe a bhí ann don trádáil. Is modh malartaithe atá ann ó tharla gur léir a luach agus go bhfuil muinín ag gach uile dhuine as.

Is féidir leat airgead a chur i leataobh don todhchaí. Is féidir linn airgead a shábháil chun earra daor éigin a cheannach sa todhchaí, mar shampla.

Ar deireadh is aonad cuntais é an t-airgead chomh maith. Is féidir é a chomhaireamh go héasca agus is féidir luach soiléir a leagan ar earraí.

Céard faoi nótaí bainc?

Ba bhoinn airgid an t-aon airgead a bhíodh ann go dtí le déanaí. Ba mar gheall go raibh meáchan áirithe de mhiotal, cosúil le hór nó le hairgead, sa bhonn é sin agus b’eol luach an mheáchain sin. Tugtar ‘airgead miotail’ ar an gcineál sin airgid agus deimhníonn an miotal lómhar atá san airgead a luach.

Theastaigh níos mó agus níos mó airgid le húsáid mar mhalairt de réir mar a bhí níos mó trádála ag tarlú. Thosaigh bainc agus rialtais ag cur amach nótaí bainc mar gheall air sin.
Níl an luach airgid istigh sna nótaí bainc féin.
Is é an banc a chuireann amach an nóta bainc a dheimhníonn a luach. Tugtar ‘airgead fiat’ ar an airgead seo.

Stair an airgid

Babhtáil



AN TAISTEALAÍ AMA
Tá tú tite isteach sa Chlochaois! Téigh trí na réanna contúirteacha agus bailigh na hairgeadraí cearta chun dul ar ais go dtí an lá atá inniu ann.

Sealgairí agus feirmeoirí ab ea ár sinsir Eorpacha na mílte míle bliain ó shin.


Tua chloiche
as an gClochaois
Ní raibh miotail ann an t-am sin mar sin bhíodh siad ag fiach agus ag feirmeoireacht le huirlisí cloiche – tugadh An Chlochaois ar an ré sin. Ní bhíodh na nótaí bainc atá in úsáid againn inniu ag na fir ná ag na mná sa Chlochaois. I leaba sin, bhíodh siad ag malartú earraí lena chéile: mar shampla, bhíodh an sealgaire ábalta craicne ainmhithe a mhalartú le feirmeoir ar ghrán, nó bhíodh iascaire ábalta sliogáin ornáideacha a mhalartú le sealgaire ar thua chloiche shnasta. Tugtar babhtáil ar an malartú seo. Is malartú earraí a bhfuil luach orthu a bhíodh i gceist le babhtáil.


Modh malartaithe

Bhíodh sé níos éasca earraí a mhalartú mar gur fhoghlaim ár sinsir le miotail a dhéanamh.


Cnap airgid

Bhíodh sé níos éasca mar gheall go raibh luach le fáil ag gach uile dhuine ar mhiotail cosúil le hór, le hairgead, le stán agus le hiarann. Mar sin bhíodh an feirmeoir ábalta na beithígh a bhabhtáil ar oiread áirithe de mheáchan airgid agus ansin ina dhiaidh sin bhíodh an feirmeoir ábalta roinnt den airgead seo a úsáid chun a cháin a íoc. Tharla sé mar sin gur ‘tomhas ar luach’, ‘modh malartaithe’ agus bealach chun ‘airgead a chur i leataobh’ go dtí go dteastódh sé a bhíodh i miotail luachmhara agus in earraí eile.


Na Chéad Bhoinn

Bualadh na chéad bhoinn san Áise Bheag tuairim is 2600 bliain ó shin.

Bonn as an tSeanGhréig

Ghlac na seanGhréagaigh leis an nós nua seo go tapa agus thosaigh siad ag táirgeadh boinn airgid agus chré-umha, an drachma airgid mar shampla. Bhíodh meáchan ar leith sa mhiotal a bhíodh sna boinn luatha sin agus bhíodh luach áirithe orthu. Agus bhualadh an rí nó an chathair nó an tír a chuireadh amach iad séala ar na boinn chun a meáchan a dheimhniú.

Nithe áisiúla ab ea na boinn mar go mbíodh na daoine ábalta iad a chomhaireamh in ionad iad a mheá. Modh malartaithe a bhí le trust agus a bhí éifeachtach a bhíodh sna boinn nua seo agus mar sin chabhraigh siad go mór le fás na trádála sa tseanaois.

Na chéad airgeadraí Eorpacha

Choinníodh ríthe agus rialtais diansmacht ar tháirgeadh na mbonn chun a luach a dheimhniú.


Denarius agus
pictiúr Juno Moneta air

I dteampall Juno Moneta a bhíodh na boinn á dtáirgeadh sa tseanRóimh – is as sin a tháinig an focal Béarla ‘money’.

Ansin níos déanaí, de réir mar a bhí cumhacht na hImpireachta Rómhánaí á leathadh, osclaíodh miontaí eile agus glacadh leis na boinn rómhánacha chéanna ar fud na hEorpa go léir, ón mBreatain Mhór go dtí an Tuirc, chun malairt a dhéanamh – ba é sin an chéad airgeadra uile-Eorpach.



Ansin de réir mar a thit an Impireacht Rómhánach as a chéile agus mar a thosaigh náisiúin na hEorpa ag teacht chun cinn, choinnigh gach tír smacht ar a monaíocht féin.



Teampall Rómhánach
Tháinig an oiread sin de na boinn agus de na hairgeadraí a bhíodh ann roimh an euro anuas le hoidhreacht chugainn as na náisiúin Eorpacha seo. Ba mhinic gur ainm aonad tomhais a bhíodh orthu mar shampla lira na hIodáile agus markka na Fionlainne, mar go mbíodh méid áirithe óir nó airgid, a bhíodh socraithe, iontu i dtús ama.

D’fhéadfadh sé tarlú go n-ardódh nó go n-ísleodh an ráta malartaithe idir airgeadraí go mór agus is fadhb í sin a bhaineann le roinnt mhaith airgeadraí, rud a bhraitheann ar cé chomh maith is a bhíonn ag éirí le geilleagair aonair – mar sin d’fhéadfadh go mbeadh baol ag baint le trádáil idir thíortha, agus ní mholtar í.

Airgeadraí aonair le himeacht aimsire

Baineadh triail as aontais airgeadaíochta ina raibh airgeadraí aonair san Eoraip sular tugadh isteach an euro.

Bhíodh boinn óir agus airgid in úsáid san Aontas Airgeadaíochta Laidineach a bhíodh idir an Fhrainc, an Bheilg, an Eilvéis, an Ghréig agus an Bhulgáir sa bhliain 1867 agus bunaíodh Aontas Airgeadaíochta Lochlannach sa bhliain 1875. Bhíodh praghas an óir ag athrú i gcoinne phraghas an airgid agus bhí sé sin ar cheann de na cúiseanna gur theip ar na haontais sin – bhain sé an bonn de na hairgeadraí.


Sean-Nóta Bainc 100-Reichsmark
na Gearmáine
D’éirigh go maith le haontas airgeadaíochta Chónaidhm na Gearmáine. Bhí aontas custaim curtha le chéile faoin mbliain 1834 agus socraíodh rátaí malairte seasta idir na hairgeadraí.

Tugadh airgeadra aonair, an Reichsmark, isteach ansin; ba é sin a bhí ann roimh an Deutschmark. D’éirigh go maith le haontas airgeadaíochta na Gearmáine ar bhealach mar go raibh rialacha soiléire i bhfeidhm faoin gcaoi le boinn a tháirgeadh.


Airgeadraí an 20ú haois san Eoraip

Bhíodh a mboinn agus a nótaí bainc féin – a n-airgeadra féin – ag an gcuid ba mhó de na tíortha Eorpacha sular tugadh isteach an euro.


Ba ghá do dhuine a bhíodh ag taisteal agus ag trádáil airgead a athrú de réir mar a bhíodh sé ag dul ó thír go tír. Deutschmark a bhíodh le híoc ar earraí sa Ghearmáin, nuair a d’fhágadh duine an Ghearmáin chun taisteal chun na Fraince bhíodh an Deutschmark le hathrú agus Franc na Fraince le húsáid ina áit agus mar sin de.

Ba mhinic le hainmneacha na sean-airgeadraí san Eoraip an bunús a bhí leo a thabhairt le fios: