Fiosraigh leat

Tá an euro tábhachtach i saol chriú an euro agus i saol gach uile dhuine freisin. Bíonn airgead ag teastáil uainn chun bia a fháil le hithe, éadaí a cheannach, dul ar saoire, agus chun go leor leor eile a dhéanamh. Bíonn sé uainn níos déanaí sa saol chun teach a fháil ar cíos nó chun teach a cheannach agus chun carranna a choinneáil ar bóthar. Caithfidh duine na mílte míle euro ar feadh a shaoil. Ó tharla go bhfuil an euro chomh tábhachtach sin, is fiú dúinn níos mó a bheith ar eolas againn faoi, agus faoi airgead i gcoitinne....