Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directPresidency
DG Interpretation

Craolachán gréasáin ilteangach i dteannta comhrá idirlín

Is minic a bhíonn roinnt uirlisí meán le chéile i gcomhdhálacha fíorúla. Is gnách d'AS Ateangaireacht teaglaim de na cinn seo a leanas a chur ar fáil:

  • "Craolachán gréasáin" lena gcumasaítear do dhaoine atá suite in ionad eile an chomhdháil a leanúint in aon cheann de na teangacha a gcuirtear ateangaireacht chomhuaineach ar fáil ina leith;
  • Seisiún idirghníomhach "comhrá" idirlín. Is féidir le cian-rannpháirtithe ceisteanna nó ráitis a chló isteach ina dteanga féin. Más ábhar spéise ginearálta an freagra, cuirtear ar aghaidh é chuig an bplé painéil le linn an tseisiúin ceisteanna agus freagraí; léifear amach é (agus aistreofar é) sa seomra cruinnithe agus gheobhaidh cian-rannpháirtithe an freagra tríd an sreabhadh gréasáin. Más ceist an-teicniúil í do cheist, nach ábhar spéise i gcoitinne, freagróidh meitheal saineolaithe tú go díreach ar an líne chomhrá (scríofa).

Comhdhálacha fíorúla

Sampla de chomhdháil fhíorúil

Eagraíonn an Coimisiún Eorpach "lá caibidlíochta" do rannpháirtithe ionchasacha i gcomhair glao le haghaidh tairisceana nó glao le haghaidh tograí.

Soláthraítear faisnéis i dtaobh conas freagairt trí shreabhadh gréasáin. Déanann foireann de chuid an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil cuir i láthair agus úsáidtear sleamhnáin chun faisnéis iomchuí a mhíniú. Is féidir do thairgeoirí, agus iad ag leanúint an tsreafa ar a ríomhaire atá i gceangal leis an Idirlíon ina dtír féin, ceisteanna a chur trí líne chomhrá; freagraíonn oifigigh na ceisteanna (tar éis na hateangaireachta, má sholáthraítear í) in imeacht cúpla nóiméad trí chraolachán gréasáin.

Sampla eile de chomhdháil fhíorúil: Comhdháil eolaíochta

Eagraíonn an Coimisiún Eorpach comhdháil sa Bhruiséil nó in áit eile san Eoraip in ionad comhdhála. Is féidir 400 duine a chur isteach sa seomra comhdhála ach tá suim ag líon is mó ná sin éisteacht leis an gcomhdháil ar fad nó le cur i láthair sonrach agus ceisteanna a chur.

Féadfaidh rannpháirtithe, nár éirigh leo suíochán a fháil nó taisteal go dtí an chomhdháil, an imeacht go léir a leanúint a dhéantar a shreabhadh beo agus féadfaidh siad sleamhnáin a fheiceáil faoi mar a bheidís sa seomra. Féadfaidh siad éisteacht in aon cheann de na teangacha a gcuirtear ateangaireacht chomhuaineach ar fáil ina leith sa seomra. Féadfaidh "rannpháirtithe fíorúla" ceisteanna a chur trí líne chomhrá nó díreach an comhrá a leanúint; freagraíonn foireann de chuid an Choimisiúin Eorpaigh na ceisteanna a eascraíonn as an gcomhrá i scríbhinn nó, más ábhar spéise i gcoitinne iad, tríd an gcraolachán gréasáin le linn an tseisiúin ceisteanna agus freagraí.

Comhdhálacha fíorúla

 

 

Conas a ghlacaim páirt?

Chun páirt a ghlacadh i gcomhdháil fhíorúil, beidh ort clárú:

  • leis an gcraolachán gréasáin agus
  • leis an gcomhrá.

Is gnách na nascanna a thabhairt ar an leathanach fógráin céanna. I gcás roinnt imeachtaí a bhfuil an rannpháirtíocht iontu srianta, cuirtear na nascanna ar aghaidh le ríomhphost nó is gá pasfhocal chun rochtain a fháil ar an leathanach sreafa.

Mar shampla den tslí is féidir an teicneolaíocht sin a úsáid, féadfaidh tú féachaint ar na saoráidí fíorúla laistigh den Tionscnamh ManagEnergyexternal link, atá forbartha ag an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus Iompar sa Choimisiún Eorpach.

Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil, cuir teachtaireacht chuig scic-newtech@ec.europa.euexternal link