Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Treoirlínte do chainteoirí in imeacht craolacháin gréasáin

Le teicneolaíochtaí sruthmheán nó craolacháin gréasáin, cuirtear ar chumas daoine féachaint ar chomhdhálacha tríd an Idirlíon, in aon áit chianrialaithe (oifig/baile). Nuair a chuirtear closchomhartha agus físchomhartha digiteach i dteannta cur i láthair sleamhnán (e.g.PowerPoint) a dhéantar sa seomra agus comhráite Idirlín (IRC), cruthaítear suíomh ar leith do chian-rannpháirtithe agus cuirtear ar a gcumas dóibh freagairt dá réir.

Comhdhálacha tríd an Idirlíon

Sampla den tslí a mbeadh óráid le feiceáil ar an Idirlíon

Féach, más é do thoil é, ar na treoirlínte ginearálta le haghaidh cainteoirí a bheidh ag déanamh cur i láthair le sleamhnáin i gcraolacháin gréasáin; b'fhéidir, maidir le roinnt de na moltaí, nach mbainfidís le gach aon ócáid de dheasca na teicneolaíochta áirithe a bheadh á húsáid.

Ag ullmhú sleamhnán

Lean na treoirlínte seo go cáiréiseach, más é do thoil é, nuair a bheidh cur i láthair sleamhnán á ullmhú agat le haghaidh comhdhála a bhfuil craoladh gréasáin le déanamh air:

1. Is gnách sleamhnáin a thaispeáint ar an ngréasán i leagan amach timpeall ar 320 x 240 picteilín. Fágfaidh sin go gclúdóidh an sleamhnán timpeall ar 1/9 de dhromchla iomlán scáileáin 17 orlach ag a bhfuil taifeach 1024 x 768. Cinntigh go mbeidh an chló-aghaidh is lú agat inléite ag an taifeach sin.

2. Fiú amháin, má tá tú chun PowerPoint (nó a mhacasamhail) a úsáid, ullmhaigh fógra amháin ar a laghad i bhformáid leictreonach a fhanfaidh ar-líne le linn do chur i láthair. Ba chóir na nithe seo a leanas a bheith sa sleamhnán:

  • ainm an chainteora,
  • ainm na heagraíochta,
  • teideal na hóráide,
  • dáta agus am na comhdhála.

3. Úsáid Arial, Helvetica, Times nó a leithéid de chló-aghaidheanna agus cinntigh go bhfuil na híomhánna go léir mar chuid den chomhad (seachas díreach mar nascanna le comhad ar an diosca crua). Mura ndéanann tú é sin, féadfaidh sé tarlú nach dtaispeánfar i gceart iad. Má tá riachtanais shonracha agat - mar shampla, mura bhfuil aon dul as agat ach cló-aghaidh neamhghnách a úsáid - déan teagmháil leis an eagraí chun na féidearthachtaí a bhaineann leis na sainriachtanais sin a fhiosrú.

4. Bain úsáid as do shloinne chun teideal a chur ar an gcur i láthair a sholáthróidh tú don eagraíocht chomhdhála. Má sholáthraíonn tú níos mó ná aon chomhad amháin, uimhrigh i gceart é, más é do thoil é (.i. "macgabhann.ppt" nó "macgabhann1.ppt, macgabhann2.ppt).

Tá slite éagsúla ann chun cur i láthair a dhéanamh ar an ngréasán. Is iad na cinn is coitianta ná na cinn seo a leanas:

1. Déantar na sleamhnáin a shreabhadh de réir ráta fráma ísil go díreach ón ríomhaire a úsáidtear le haghaidh an chur i láthair. Leis an teicneolaíocht sin, cuirtear ar do chumas athruithe a dhéanamh suas go dtí an lá féin agus amharc-éifeachtaí galánta a chur san áireamh (ní chraoltar fuaimeanna cur i láthair ar an ngréasán, áfach).

2. Comhaid statacha JPEG nó GIF a chruthaítear roimh ré as cur i láthair PowerPoint (nó as clár dá shamhail). Sin an teicneolaíocht is coitianta a úsáidtear: is lú an leithead banda a úsáidtear agus soláthraítear pictiúir de chaighdeán níos fearr. Lean na rialacha seo a leanas, más é do thoil é:

a) Ná húsáid aon éifeacht bheo-chartúnaíochta ná fuaim;

b) Úsáid sleamhnáin dhifriúla sa tslí is go mbeidh nithe ag teacht ar an scáileán de réir a chéile;;

c) Bíonn éifeachtaí simplí idirchéime indéanta ach ní fheicfidh ach na daoine sa seomra comhdhála féin iad sin;

d) B'fhéidir go n-iarrfaí ort na sleamhnáin a thiontú go formáid JPEG nó GIF, 320 x 240 picteilín (is gnách gurb é an t-eagraí a dhéanann an tiontú sin): as an roghchlár File in PowerPoint, roghnaigh "Save as" agus ansin formáid JPEG (i roinnt leaganacha de PowerPoint, ceadaítear duit toisí an tsleamhnáin a shocrú freisin): cruthaítear fillteán ansin ina mbeidh na sleamhnáin go léir, ar a dtugtar "Sleamhnán1", "Sleamhnán2", srl.

An chuma a bhíonn ar shleamhnáin de ghnáth

Is ó ócáidí roimhe seo a fuarthas na samplaí seo a leanas:

Sleamhnán

  • An chló-aghaidh a úsáidtear sa teideal: Times New Roman 36pte
  • An chló-aghaidh a úsáidtear sa téacs: Times New Roman 20pte
  • Nóta: beidh sé deacair an sleamhnán seo a léamh ar scáileán atá socraithe ag 1024 x 768 (agus fiú amháin sa seomra comhdhála)

  • An chló-aghaidh a úsáidtear sa teideal: Arial 44pte
  • An chló-aghaidh a úsáidtear sa teideal: Arial 24pte
  • Nóta: soiléir go leor nuair a fhéachtar air ar an Idirlíon.

An cur i láthair a dhéanamh

Cuimhnigh ar na hateangairí...

Má chuirtear ateangaireacht chomhuaineach ar fáil le linn d'óráide, lean na treorachaginearálta do chainteoirí, más é do thoil é.

Más e do thoil é, ná déan dearmad cóip leictreonach den chur i láthair a chur ar fáil roimh an sprioc ama. Ina theannta sin, cuir gach rud a bheidh á léamh agat le linn d'óráide chuig an eagraí comhdhála. Déanfar an t-ábhar sin a chur ar aghaidh mar a leanas:

  • chuig an tseirbhís ateangaireachta (is gá do na hateangairí an t-ábhar a fheiceáil roimh ré d'fhonn feidhmíocht níos fearr a dhéanamh le linn d'óráide);
  • chuig soláthróir an tsreafa ar an Idirlíon/Inlíon;
  • chuig an ríomhaire sa seomra comhdhála, áit a ndéanfaidh tú do chur i láthair.

Seas mar seo

Lean na moltaí simplí seo a leanas d'fhonn craolachán gréasáin níos fearr a dhéanamh: :

  • Bí ag féachaint ar an lucht féachana i gcónaí agus ná bí ag siúl timpeall: tá an ceamara ort; má bhogtar timpeall an iomad laghdaítear caighdeán na híomhá go mór (beidh níos mo picteilíní le craoladh ar an Idirlíon, seans go gcaillfear frámaí);
  • Taispeáin gach aon sleamhnán ar feadh cúpla nóiméad ar a laghad: ba chóir go mbeadh dóthain ama ag na rannpháirtithe áitiúla agus na cian-rannpháirtithe an téacs a léamh agus éisteacht ag an am céanna (ach amháin nach mian leat ach grianghraf a thaispeáint);
  • Fiú amháin má chuirtear ateangaireacht chomhuaineach ar fáil, ní dhéanfar do shleamhnáin a aistriú - mar sin, roghnaigh teanga oiriúnach dóibh.
  • Ná caith dathanna geala ná éadroma: fágann siad sin go ndéanfaidh an físcheamara gann-nochtadh ar an íomhá.
  • Caith dathanna dlútha: féadfaidh droch-éifeachtaí físiúla a bheith ann má chaitear dathanna patrúin nó riabhacha.