Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Comhráite ilteangacha

Comhráite ilteangachaEagraíonn an Coimisiún Eorpach "comhráite" ilteangacha: déanann pearsana polaitiúla comhagallamh le saoránaigh Eorpacha atá nasctha leis an Idirlíon trí shaoráid chomhrá.

Is féidir le daoine an comhrá a leanúint in aon cheann de na teangacha a sholáthraítear. Aistríonn ateangairí de chuid AS Ateangaireacht na ceisteanna ó na teangacha go léir atá á gcumhdach de réir mar a thagann siad isteach.

Ansin aistrítear freagra an Choimisinéara (nó an rannpháirtí painéil eile) ar ais go dtí teanga na ceiste. Is gnách gur go luath sa tráthnóna a eagraítear na comhráite agus leanann siad ar aghaidh cúpla uair an chloig. Tá fógráin agus treoracha i dtaobh conas is féidir páirt a ghlacadh sa chomhrá ar fáil ar an leathanach fógráin comhrá ar Europaexternal link.

Is féidir páirt a ghlacadh i gcomhrá ar dhá shlí éagsúla: Comhráite ilteangacha

Féadfaidh tú páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar-líne agus ceisteanna a chur nó díreach an díospóireacht a leanúint gan páirt ghníomhach a ghlacadh inti. An t-aon fhaisnéis a iarrtar ort a sholáthar chun an ceangal a fháil ná:

  • an cainéal teanga is fearr leat;
  • leasainm (seolfar na freagraí chuig an leasainm a bheidh roghnaithe agat).

Féach freisin an cur síos ar chomhdhálacha fíorúla lena nasctar craolachán gréasáin agus comhrá..

Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil, cuir teachtaireacht chuig scic-newtech@ec.europa.euexternal link.