Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Cad is Pivot ann?

Teanga amháin a úsáid mar athsheachadadh.

Más rud é nach bhfuil ach ateangaire nó beirt ann a bhfuil teanga neamhfhorleathan mar theanga neamhghníomhach acu, deirtear gurb iadsan na pivots le haghaidh na mboth eile a thógfaidh an t- athsheachadadh uathusan. Is é an téarma Fraincise a úsáidtear i gcónaí.

Déanann AS Ateangaireacht iarracht i gcónaí gan ach aon pivot amháin (pivot unique) a bheith ann d'aon teanga ina foireann. Uaireanta is teanga pivot í teanga aonair ach go bhfuil beirt ateangaire á cumhdach - beidh an bheirt ag obair retour i dtreo aon teanga amháin agus déanfaidh siad sealaíocht sa bhoth chéanna - nó ateangaire retour retour amháin agus ateangaire i mboth na teanga retour agus iad ag déanamh sealaíochta.

Nuair a bhíonn foireann mhór á cur le chéile (abraimis 23-23), déanann AS Ateangaireacht iarracht i gcónaí athsheachadadh a sholáthar trí ranguithe áirithe teangacha (Gearmáinic, Rómáns, Fionn-Úgraic) d'fhonn an t-ualach a dháileadh go cothrom trasna na foirne agus d'fhonn aon neamhchothroime a sheachaint san ateangaireacht, ar neamhchothroime í a d'fhéadfadh eascairt as a bheith ag sruthú trí aon teanga athsheachadta amháin nó aon ghrúpa teangacha athsheachadta amháin.