Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Cad is ateangaireacht chomhdhála ann?

Leis an ateangaireacht chomhdhála, pléitear leis an gcumarsáid ó bhéal agus léi sin amháin: teachtaireacht a thabhairt as teanga amháin go teanga eile, go nádúrtha agus go líofa, agus seachadadh, glór agus áitiús an chainteora a chur in iúl sa chéad phearsa.

Conference interpreting

Ní hionann ateangaireacht agus aistriú. Is disciplín é sin a bhaineann le téacsanna scríofa amháin. Is freagracht de chuid Sheirbhís Aistriúcháin an Choimisiúinexternal link é doiciméid a aistriú.

Freastalaíonn daoine as cúlraí agus cultúir éagsúla ar chomhdhálacha idirnáisiúnta agus bíonn teangacha éagsúla á labhairt acu. Is é cúram an ateangaire a chur ar chumas na ndaoine sin cumarsáid a dhéanamh lena chéile, ní trí gach focal a deireann siad a aistriú ach trí na smaointe atá á léiriú acu a chur in iúl.

Is téarmaí iad réimeas teanga agus teangacha gníomhacha agus éighníomhacha a úsáideann ateangairí chun cur síos ar na teangacha ar féidir iad a labhairt nó ar féidir éisteacht leo i gcruinniú ilteangach.

Séard is teaglaim teangacha an ateangaire comhdhála ann ná an líon teangacha a n-oibríonn an t-ateangaire astu nó ina dtreo ar mhodh comhuaineach nó iaruaineach. Oibríonn ateangairí comhuaineacha i m both fhuaimdhíonta.

Tá saghsanna éagsúla ateangaireachta ann:

Iaruaineach: ateangaireacht tar éis don chainteoir críochnú ...

Comhuaineach: ateangaireacht le linn don chainteoir a bheith ag labhairt ...

Athsheachadadh: ateangaireacht idir dhá theanga trí theanga eile ...

Retour: a bheith ag obair as do theanga dhúchais i dtreo teanga eachtrannaí...

Pivot: úsáidtear aon teanga amháin mar athsheachadadh...

Cheval: ateangaire ag obair in dhá bhoth gach ré seal sa chruinniú céanna...

Neamhshiméadrach: éisteann na toscairí go léir le hateangaireacht i dtreo dornán beag teangacha...

Cogarnach: ateangaireacht chomhuaineach chogarnaí...

Teanga chomharthaíochta: ateangaireacht chomhuaineach i dtreo teanga comharthaíochta...