Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Cad is Cheval ann?

Ateangaire ag obair in dhá bhoth éagsúla ag an gcruinniú céanna.

Suíonn ateangaire cheval (an Fhraincis ar 'capall') in dhá bhoth éagsúla i gcruinniú. Is gnách go mbíonn ar a laghad beirt ateangaire i láthair do gach ceann de na teangacha, ach má oibríonn cruinniú comhuaineach in dhá theanga, is féidir ateangaire a shábháil trí cheval a úsáid, is é sin ateangaire ar féidir leis nó léi ateangaireacht a dhéanamh i dtreo an dá theanga agus a ghluaiseann idir an dá bhoth de réir mar is gá.

Is gnách gur i dtreo a dteanga dúchais a oibríonn ateangairí. Tá roinnt ateangairí ann a bhfuil máistreacht chomh maith sin acu ar an dara teanga gur féidir leo oibriú i dtreo na teanga sin (an dara teanga ghníomhach nó " teanga B") as a dteanga dhúchais. Tugtar ateangaireacht " retour" " air sin. Is é an focal Fraincise ar "filleadh" a úsáidtear i gcónaí. Tá roinnt ateangairí ann a bhfuil máistreacht chomh maith sin acu ar an dara teanga go bhfuil siad ábalta ateangaireacht a dhéanamh i dtreo na teanga sin as na teangacha go léir ina dteaglaim teangacha.