Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directGreek Presidency 2013
DG Interpretation

Cad is ateangaireacht neamhshiméadrach ann?

Labhraíonn na toscairí go léir ina dteanga dhúchais ach níl ach dornán teangacha a n-éisteann siad leis an ateangaireacht iontu.

I gcásanna go leor, tuigeann toscairí teanga fhorleathan amháin (nó níos mó) ach ní bhíonn siad ar a suaimhneas ag caint inti (nó iontu). Slí amháin chun úsáid mhaith a bhaint as acmhainn ghann (ateangairí) is ea leas a bhaint as an ateangaireacht neamhshiméadrach.

Beidh 69 ateangaire nó níos mó ná sin ag teastáil ó fhoireann a bheidh ag ateangaireacht siar agus aniar idir na teangacha oifigiúla reatha, ach má theorannaíonn tú líon na d teangacha gníomhacha ag trí cinn, is féidir an obair a dhéanamh le dhá ateangaire dhéag nó mar sin. Is féidir leis na toscairí go léir a dteanga dhúchais a labhairt ach ní féidir leo éisteacht ach le ceann amháin de na trí theanga.

Dar ndóigh, chun go mbeidh ateangaireacht neamhshiméadrach indéanta, ní mór duit a bheith cinnte go dtuigfidh na toscairí go léir teanga amháin ar a laghad de na teangacha gníomhacha.