Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Ionad oibre an ateangaire chomhuainigh

Tá bothanna agus trealamh comhdhála don ateangaireacht chomhuaineach tógtha mar chuid de na saoráidí in an-chuid de na hionaid chomhdhála.

Trealamh - MicreaAn Chomhairle

Mura bhfuil bothanna daingnithe ar fáil, oibríonn na hateangairí comhuaineacha i mbothanna iniompartha.

Both iniomparthaBoth iniompartha

Tá ceithre sheomra cruinnithe i bpríomhionad comhdhála an Choimisiúin Eorpaigh, Centre de Conférence Albert Borschette (CCAB), agus tá bothanna don ateangaireacht chomhuaineach ar gach ceann de na cúig urlár.

Foirgneamh CCAB

 

Tá dhá bhoth is fiche sa seomra comhdhála is mó de chuid an Choimisiúin i bhfoirgneamh Charlemagne.

Seomra comhdhála Charlemagne

 

Tá deich seomra cruinnithe san iomlán i bhfoirgneamh Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh agus tá trealamh iontu go léir don ateangaireacht chomhuaineach.

Foirgneamh BerlaymontSeomra cruinnithe, BerlaymontSeomra cruinnithe, BerlaymontSeomra cruinnithe, Berlaymont

Ní mór radharc maith ar na himeachtaí a bheith ar fáil sna bothanna. Ní mór iad a bheith compordach, fuaimdhíonta agus aeroiriúnaithe, ní mór solas maith agus cathaoireacha compordacha a bheith iontu, agus ní mór radharc iomlán ar na toscairí a bheith ar fáil uathu.

Tá caighdeáin ISO bunaithe le haghaidh bothanna agus trealaimh.

ISO 2603external link – 1998 (bothanna atá foirgnithe isteach)

ISO 4043external link – 1998 (bothanna iniompartha)

Oibríonn an SCIC de réir chaighdeáin athneartaithe ISO lena gcinntítear dálaí sármhaithe oibre do na hateangairí agus lena gcabhraítear ateangaireacht den chaighdeán is airde a sholáthar do thoscairí.

Má tá tusa ag gabháil d'fhoirgniú saoráide comhdhála nó seomra cruinnithe ina mbeidh trealamh ateangaireachta, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Bainistíochta Bonneagar Cruinnithe in AS Ateangaireacht chun comhairle agus moltaí a fháil.

Oibríonn seisean i mboth na Spáinnise…

I measc ateangairí, is ionann duine a bheith "ag obair sa bhoth" agus ateangaireacht seachas aon ghníomhaíocht eile a bheith ar siúl acu. Ach le "both" tagraítear freisin don teanga ghníomhach atá an ateangaire nó, laistigh d'AS Ateangaireacht, don aonad ateangaireachta lena mbaineann an duine. Tá aonad ateangaireachta nó both amháin ag AS Ateangaireacht do gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.