Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Eagrú Comhdhálacha

Bíonn ról straitéiseach ag eagrú comhdhálacha i mbeartas cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh. Is é Aonad Eagraithe Comhdhálacha AS Ateangaireacht eagraí gairmiúil chomhdhálacha an Choimisiúin agus pléann sé le himeachtaí sa Bhruiséil agus in ionaid ar fud na cruinne le haghaidh ranna éagsúla de chuid an Choimisiúin. Tuilleadh...

Ní mór radharc maith ar na himeachtaí a bheith ar fáil sna bothanna. Ní mór iad a bheith compordach, fuaimdhíonta agus aeroiriúnaithe, ní mór solas maith agus cathaoireacha compordacha a bheith iontu, agus ní mór radharc iomlán ar na toscairí a bheith ar fáil uathu. Tuilleadh...

Tá taithí an-fhorleathan ag AS Ateangaireacht ar fhoirgniú agus athchóiriú saoráidí cruinnithe agus comhdhála ina bhfuil suiteálacha le haghaidh na hateangaireachta comhuainí. Bíonn áthas ar AS Ateangaireacht an cur amach atá aici ar na cúrsaí sin a roinnt le hailtirí, tógálaithe nó tionscnóirí seomraí nó ionad comhdhála, idir phoiblí agus phríobháideach. Is féidir linn measúnú neamhchlaonta a thabhairt duit ar gach gné a bhaineann leis an ateangaireacht chomhuaineach, an trealamh riachtanach agus na seomraí san áireamh. Tuilleadh...