Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directItalian Presidency 2014
DG Interpretation

Cabhair chun do shaoráid chomhdhála a dhearadh

Tá taithí an-fhorleathan ag AS Ateangaireacht ar fhoirgniú agus athchóiriú saoráidí cruinnithe agus comhdhála ina bhfuil suiteálacha le haghaidh na hateangaireachta comhuainí. Bíonn áthas ar AS Ateangaireacht an cur amach atá aici ar na cúrsaí sin a roinnt le hailtirí, tógálaithe nó tionscnóirí seomraí nó ionad comhdhála, idir phoiblí agus phríobháideach. Is féidir linn measúnú neamhchlaonta a thabhairt duit ar gach gné a bhaineann leis an ateangaireacht chomhuaineach, an trealamh riachtanach agus na seomraí san áireamh.

Conference

Cinntíonn ár bhfoireann saineolaithe go bhfuil gach seomra cruinnithe, san Eoraip agus in áiteanna eile, a n-iarrtar ar ateangairí AS Ateangaireacht obair a dhéanamh iontu, de réir ár gcaighdeán i ndáil le bothanna agus trealamh ateangaireachta. Oibríonn AS Ateangaireacht go dlúth le comhlachtaí caighdeán idirnáisiúnta agus le déantúsóirí trealaimh ateangaireachta.

Is féidir le hAS Ateangaireacht comhairle ghinearálta a thabhairt i dtaobh na seomraí cruinnithe atá le bheith agaibh, go háirithe i dtaobh conas is féidir caighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm. Ní féidir linn dul in áit na n-innealtóirí sainchomhairleacha a thóg an tsaoráid daoibh, áfach. Bíonn seirbhísí sainchomhairleachta AS Ateangaireacht ar fáil saor in aisce ach gearrtar na costais taistil ar an iarratasóir.

Is cóir iarrataí ar shainchomhairleacht theicniúil a sheoladh chuig:

Ms M. Lely
Team Leader Technical Compliance
Office CHAR -1/326 - C107 02/032
Directorate General for Interpretation
European Commission
B-1049 Brussels
Belgium
E-mail : marguerite.lely@ec.europa.euexternal link
Tel : +32-2-2983151
Fax : +32-2-2960352