Cosán nascleanúna

Print versionDecrease textIncrease textSubscribe to our RSS Feed
DG Interpretation Conference Video Portal
DG Interpretation Conference Streaming Portal
EU careersTREATY of Lisboneurope directGreek Presidency 2013
DG Interpretation

Eolas cúlra gairid

Ón tosach, ba chuid de na forbairtí san Aontas Eorpach (an Comhphobal Eorpach tráth) an Ard-Stiúrthóireacht um Ateangaireacht, a dtugtaí an Chomhsheirbhís Ateangaireachta agus Comhdhála uirthi tráth - SCIC ón acrainm Fraincise, agus tá sí tar éis fanacht bord ar bord le gach méadú.

2005: Ceadaíonn an Coimisiún Eorpach a chéad chreatstraitéis chuimsitheach ar an Ilteangachas, ar a n-áirítear foghlaim teangacha, teangacha sa gheilleagar, agus teangacha in úsáid leis na saoránaigh agus le hinstitiúidí AE. Aithnítear an Ghaeilge mar theanga oifigiúil ón mbliain 2007 ar aghaidh (ach roinnt srianta i gceist). Aithníonn Comhairle an Aontais teangacha oifigiúla comhnáisiúnta (réigiúnacha). Is féidir le Ballstáit maoiniú a dhéanamh ar sholáthar teoranta aistriúcháin agus ateangaireachta sna teangacha sin in institiúidí AE. Iarrann an Spáinn ateangaireacht theoranta ón mBascais, ón nGailísis agus ón teanga a labhraítear sa Chatalóin, sna hOileáin Bhailéaracha agus i Valencia.

2004: 2004: Méadú le deich dtír nua agus naoi dteanga nua an 1 Bealtaine: An tSeicis, an Eastóinis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Ungáiris, an Mhaltais, an Pholainnis, an tSlóvaicis agus an tSlóivéinis. Reáchtáiltear cruinnithe i bhfiche teanga go rialta. Cinneann an Coimisiún Eorpach cumas eagraithe comhdhála agus cumas teicniúil AS Ateangaireacht a neartú agus cruthaíonn Stiúrthóireacht D SCIC Comhdhálacha.

Tugann Comhairle an Aontais córas ateangaireachta "ar iarratas" isteach le haghaidh cuid mhaith de chruinnithe na ngrúpaí oibre. Is é an Coimisinéir Jan Figel' an chéad Chomhalta den Choimisiún a bhfuil "an tIlteangachas" ina chomhad oibre aige.

2003: Mí Dheireadh Fómhair, ceadaíonn an Coimisiún Eorpach atheagrú agus athneartú riaracháin ar an gComhsheirbhís Ateangaireachta agus Comhdhála (SCIC) agus cruthaíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Ateangaireacht. Coimeádtar an t-acrainm a úsáidtear laistigh den chomhlacht, SCIC, agus cruthaítear aonaid ateangaireachta le haghaidh gach ceann de na teangacha nua a mheastar a bheidh ann don bhliain dár gcionn.

2002 : Cuirtear críoch le Straitéis le haghaidh SCIC agus Méadú. Ceadaíonn an Coimisiún Eorpach Cumarsáid ón Leas-Uachtarán Niall Kinnock ar Ateangaireacht Chomhdhála agus Méadú: Straitéis le haghaidh na Comhsheirbhíse Ateangaireachta agus Comhdhála sa tréimhse roimh 2004.

2000 : Cruthaítear Aonaid Nua d'fhonn spreagadh a thabhairt don ullmhúchán le haghaidh an mhéadaithe agus d'úsáid na teicneolaíochta nua san ateangaireacht chomhdhála. Seoltar clár chun tástálacha creidiúnaithe a reáchtáil le haghaidh saor-ateangairí sna tíortha iarrthacha uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad. Daingnítear an comhoibriú le hollscoileanna agus an cúnamh oideolaíoch.

1998 : Tá SCIC ag ullmhú le haghaidh an mhéadaithe atá ag teacht trí oiliúint a chur ar ateangairí foirne sna teangacha atá ag teacht agus trí chomhoibriú a dhéanamh le hollscoileanna sna Ballstáit agus sna tíortha iarrthacha.

1997 : Cuirtear deireadh leis an oiliúint in-tí chun prionsabal na coimhdeachta a fheidhmiú agus chun díriú ar iarrachtaí SCIC i ndáil lena bunfheidhm: an ateangaireacht. Cuireann SCIC tús le sraith comhdhálacha bliantúla le húdaráis náisiúnta, le hollscoileanna agus le scoileanna ateangaireachta, agus tugann gach dream a bhfuil leas acu san ateangaireacht le chéile. Tosaíonn SCIC ar ateangairí a sholáthar le haghaidh comhráite idirlín ilteangacha na gCoimisinéirí.

1995 : Tagann an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas Eorpach. Déantar teangacha oifigiúla nua as an bhFionlainnis agus an tSualainnis, rud a fhágann go bhfuil aon cheann déag de theangacha oifigiúla san Aontas anois.

1986 : Aontachas na Spáinne agus na Portaingéile. Tá naoi gcinn de theangacha oifigiúla anois ann: an Danmhairgis, an Ollainnis, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Phortaingéilis agus an Spáinnis.

1981 : Aontachas na Gréige. Is í an Ghréigis an seachtú teanga oifigiúil agus, Aibreán 1981, déantar an Chomhsheirbhís Ateangaireachta agus Comhdhála (SCIC) as an Stiúrthóireacht Ateangaireachta.
Cuireann an tSeirbhís ateangairí ar fáil don Choimisiún, do Chomhairle an Aontais, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, don Bhanc Eorpach Infheistíochta (Lucsamburg) agus, ina dhiaidh sin, do Choiste na Réigiún agus do na fondúireachtaí agus na gníomhaireachtaí Eorpacha éagsúla.

1973 : Aontachas na Danmhairge, na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe. Déantar Stiúrthóireacht as an Rannán Ateangaireachta. Leagtar béim ar leith ar oiliúint sa dá theanga oifigiúla nua, an Danmhairgis agus an Béarla. Tá sé theanga oifigiúla anois ann.

Amhail ó 1979, eagraítear gníomhaíochtaí oiliúna in ollscoileanna de chuid na mBallstát freisin. Iarrann Stáit nach Ballstáit cúnamh teicniúil freisin agus tosaíonn oiliúint ateangaireachta Sínise sa bhliain 1979.

1964 : Oiliúint: Toisc go bhfuil easnamh leanúnach ann ó thaobh ateangairí cáilithe a bhfuil na teangacha riachtanacha acu, tosaíonn oiliúint in-tí d'iarchéimithe ollscoile mar ateangairí comhdhála.

1958 : Tagann Conradh na Róimhe ag bunú CEE agus an Conradh ag bunú Euratom i bhfeidhm agus bunaíonn Uachtarán an Choimisiúin, Walter Hallstein, Rannán Ateangaireachta ina bhfuil 15 ateangaire foirne.

1952 : Cruthaítear Comhphobal Guail agus Cruach na hEorpa (CGCE). Tá ceithre theanga oifigiúla ann -- teangacha na sé Bhallstát bhunaidh: an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Ollainnis. Tá buíon bheag ateangairí aige.