Cosán nascleanúna

Page navigation

Uirlisí breise

Fianáin

Le go n-oibreoidh an suíomh seo i gceart, is minic a chuirimid comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar fianáin, ar do ghléas ríomhaireachta. Déanann an chuid is mó de na suíomhanna móra amhlaidh freisin.

Cad is fianán ann?

Is comhad beag téacs é an fianán a shábhálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste le linn duit cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin sin. Fágann sé gur féidir leis an suíomh gréasáin do chuid gníomhaíochtaí agus do roghanna (m.sh. logáil isteach, teanga, clómhéid agus roghanna eile taispeána) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, le nach mbeidh ortsa iad a chur isteach arís is arís eile nuair a fhilleann tú ar an suíomh sin nó nuair a dhéanann tú brabhsáil ó leathanach go leathanach.

Conas a úsáidtear fianán?

Le gur féidir leat úsáid níos fearr fós a bhaint as an suíomh gréasáin, d'fhéadfadh sé go mbeadh inneachar ó shuíomhanna gréasáin tríú páirtithe amhail Scribblelive leabaithe inár suíomh gréasáin. Dá thoradh sin, nuair a thugann tú cuairt orainn, beidh na fianáin seo a leanas ann romhat, a thagann ó shuíomhanna gréasáin tríú páirtithe:

  • Úsáidtear fianáin Facebook le faisnéis faoin áit atá an t-úsáideoir, agus faoi theanga agus bogearraí an úsáideora a rianú. Fágann siad freisin gur féidir leat feidhmiúlachtaí ginearálta sheirbhísí Facebook a úsáid, m.sh.'roinn' nó 'is maith liom'. Cuidíonn na fianáin seo leis an úsáideoir úsáid níos fearr fós a bhaint as suíomh trí ghníomhaíochtaí agus roghanna a mheabhrú.
  • Úsáidtear na fianáin a ghineann Scribblelive le hiompraíocht úsáideoirí a rianú (m.sh. staitisticí fíor-ama ó úsáideoirí maidir lena ngníomhaíocht ar an leathanach, cá gcliceálann an t-úsáideoir, srl.). Ach úsáid a bhaint as faisnéis áirithe, m.sh. iomlán na n-amharc leathanaigh, breathnóirí comhuaineacha ar an leathanach, nóiméid a chaitear ar an leathanach, tráchtaí foilsithe srl., is féidir úsáid níos éifeachtaí fós a bhaint as an suíomh.
  • Úsáidtear fianáin New Relic go sonrach chun feidhmiúlacht agus feidhmíocht a anailísiú trí staitisticí fíor-ama a sholáthar faoi úsáid an fhreastalaí agus faoi dhiagnóisic i dtaobh shláinte an tsuímh ghréasáin.
  • Úsáidtear fianáin Gigya chun críocha margaíochta. Tá faisnéis iontu faoi iompraíocht agus faoi roghanna úsáideoirí, a fhéadfar a úsáid chun fógraí a spriocdhíriú ar an úsáideoir.
  • Feidhmíonn fianáin Statcounter ar bhealach cosúil le fianáin Google Analytics. Úsáidtear fianáin Statcounter le líon na gcuairteoirí ar leathanach, an áit atá an t-úsáideoir, etc. a rianú. Úsáidtear iad ar mhaithe le rialú riaracháin seachas chun críocha margaíochta.

Ní rialaíonn an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis a bhailítear leis na fianáin seo. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar bheartas príobháideachta shuíomh gréasáin an tríú páirtí ábhartha.

Úsáidtear fianán breise chun do roghanna fianán a mheabhrú (más rud é (nó mura rud é) gur aontaigh tú fianáin éagsúla a úsáid) ar an suíomh seo.

Conas a choinnítear smacht ar na fianáin?

Is féidir leat fianáin a rialú agus/nó a scriosadh de réir mar is mian leat - féach an t-eolas ag AllAboutCookies.org. Is féidir leat na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scriosadh agus is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe a shocrú le bac a chur orthu. Má dhéanann tú sin, ámh, b'fhéidir go mbeadh ort roinnt de na roghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh agus b’fhéidir nach n-oibreodh seirbhísí ná feidhmiúlachtaí áirithe.

Is éasca glacadh le fianáin nó diúltú dóibh ar an suíomh seo. Ní gá ach cliceáil ar cheann de na naisc seo a leanas: Glacaim le fianáin / Diúltaím d'fhianáin.