Cosán nascleanúna

Conraitheoirí an Aontais Eorpaigh agus tairbhithe de mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh

Is féidir a fháil amach:

  • cé a bhuaigh glaonna ar thairiscintí agus a shínigh conradh leis an Aontas Eorpach
  • cé air ar bhronn an tAontas Eorpach deontas
  • cé dó ar tugadh cúnamh ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh nó ó bhuiséad an Ciste Eorpaigh Forbraíochta.

Is ar an gCoimisiún Eorpach, go príomha, atá sé de chúram buiséad an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, ach níl bainistiú chistí uile an Aontais go díreach faoina stiúir. Is féidir le comhlachtaí eile cinntí a dhéanamh i dtaobh na dtairbhithe deiridh agus i dtaobh aistriú an airgid chucu.

Is iad rialtais na mBallstát a bhainistíonn thart ar 80% de bhuiséad an Aontais. Comhbhainistíocht a thugtar air sin. Ina cheann sin tá bainistíocht indíreach ann, is é sin an Coimisiún bainistiú bhuiséad an Aontais a tharmligean chuig comhpháirtithe dá chuid, e.g.:

  • gníomhaireachtaí díláraithe
  • comhghnóthais
  • gníomhaireachtaí náisiúnta
  • sainchomhlachtaí de chuid an Aontais
  • eagraíochtaí idirnáisiúnta
  • tíortha nach baill den Aontas iad.

Maidir leis na foinsí inar féidir eolas a fháil faoi chonraitheoirí agus tairbhithe de mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais, tá sin ag brath ar cé acu faoi chomhbhainistíochtfaoi bhainistíocht indíreach atá siad. Is féidir teacht ar gach eolas faoin méid airgid a fuair tairbhí ar leith ó bhuiséad an Aontais nó ó bhuiséad an Chiste Eorpaigh Forbraíochta, ach cuardach a dhéanamh sna bunachair shonraí thíosluaite.

Bainistíocht dhíreach

Tá sonraí sa Chóras Trédhearcachta Airgeadais DeutschEnglishfrançais i dtaobh iad siúd a fuair maoiniú idir 2007 agus 2013 ó chistí atá faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin. Tá tairbhithe den Chiste Eorpach Forbraíochta idir 2010 agus 2013 liostaithe ann freisin.

Déantar na sonraí a bhaineann le bliain airgeadais ar leith a iontráil sa Chóras Trédhearcachta Airgeadais i ndeireadh mhí an Mheithimh den bhliain i ndiaidh na bliana airgeadais sin. Faoin 30 Meitheamh 2014 bhí os cionn 288 000 mír iontráilte sa bhunachar sonraí sin, agus ba é €136 billiún a luach iomlán. Ní fhoilsítear sonraí na nithe seo:

  • conarthaí soláthair poiblí ar lú ná €15 000 a luach
  • eolas i dtaobh baill foirne den Aontas
  • roinnt nithe eile atá faoi rún.

Is féidir cuardach casta a dhéanamh sa bhunachar sonraí de réir bliana, tíre, ainm an fhaighteora, uimhreach CBL, ainm an chláir nó rannóg den Choimisiún.

Comhbhainistíocht ag na Ballstáit

Is iad rialtais na mBallstát agus údaráis bhainistíochta réigiúnacha a bhainistíonn thart ar 80% de bhuiséad an Aontais. Is faoi gach Ballstát ar leith atá sé sonraí iad siúd ar tugadh airgead dóibh ó na cistí atá faoina stiúr a fhoilsiú.

Foilsítear na sonraí sin ar shuíomhanna gréasáin de chuid na mBallstát agus, de réir an réimse i gceist, ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

  • Talmhaíocht Deutsch (de) English (en) français (fr) (íocaíochtaí díreacha agus bearta chun tacú leis an margadh, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe)
  • Forbairt réigiúnach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Comhtháthaithe)
  • Fostaíocht българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska (Ciste Sóisialta na hEorpa)
  • Iascach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska (an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh)

Má tá sonraí na dtairbhithe a fuair maoiniú faoin gcóras comhbhainistíochta i mBallstát ar leith uait, cliceáil ar an léarscáil thíos.

Cé hiad na tionscadail i do réigiún a fhaigheann maoiniú ó cheann de na cúig cinn de chistí struchtúracha agus infheistíochtaí atá ag an Aontas?

FusionMaps
Tá naisc sa leárscáil seo chuig suíomhanna gréasáin atá faoi chúram Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Faoina bhfreagracht siúd, go huile is go hiomlán, atá gach a bhfuil ar na suíomhanna sin.

Bainistíocht indíreach

Tá sciar beag de bhuiséad an Aontais ann, agus tá sé faoi bhainistíocht comhpháirtithe éagsúla de chuid an Aontais, comhpháirtithe a bhfuil sé de chúram orthu eolas faoi na tairbhithe deiridh a fhoilsiú. Tá an t-eolas sin le fáil ar shuíomhanna gréasáin gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus ar shuíomhanna gréasáin institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais.

Cabhair forbraíochta agus dhaonnachta a thugtar do thíortha nach baill den Aontas iad

Déanann an Coimisiún sonraí na dtairbhithe i dtíortha nach tíortha den Aontas iad agus a fhaigheann cabhair forbraíochta English (en) français (fr)cabhair dhaonnachta Englishfrançais ón Aontas, déanann sé sin a fhoilsiú freisin.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?