This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Ath-thionsclú

An Eoraip ar thús cadhnaíochta sa Réabhlóid Thionsclaíoch Nua

Is ionann cur le tionsclaíocht agus cur le poist. Sa tréimhse seo ina bhfuil na figiúirí dífhostaíochta millteanach ard, níl aon dul as an oibleagáid filleadh ar an tionsclaíocht mar phríomhthosaíocht sna beartais Eorpacha. Tá an Coimisiún Eorpach ag cur próiseas ath-thioncslaíochta céimnithe don Aontas Eorpach chun cinn, le sciar na tionsclaíochta a ardú arís go 20 % de OTI an AE faoi 2020, atá faoi bhun 16 % faoi láthair.

Tá réabhlóid thionsclaíoch nua faoi lánseol agus tá an tslí ina n-eagraítear línte táirgthe agus cóimeála á athrú aici. Tá samhail nua bunaithe ar tháirgí tionsclaíocha hipear-saincheaptha ag teacht chun cinn agus custaiméirí ag cur níos mó spéise i dtáirgí de dhearadh uathúil. Le leas a bhaint as an bhforbairt nua seo, ní mór do lucht tionscail na hEorpa dul i mbun nuálaíochta, a chuid ardteicneolaíochtaí a chosaint agus a bheith i ndlúth-theagmháil lena gcustaiméirí. A bhuí sin uile, fágtar go bhfuil táirgeadh easchósta i dtíortha ísealchostais, i bhfad i gcéin (ach atá chun cúil ó thaobh teicneolaíochta de freisin) ag dul i léig agus ag éirí níos neamhéifeachtúla de réir a chéile.

"Is í an tionsclaíocht croílár na hEorpa agus tá sí ríthábhachtach le réitigh a fháil ar na dúshláin atá romhainn sa tsochaí, sa lá atá inniu ann agus amach romhainn. Tá tionsclaíocht de dhíth ar an Eoraip agus tá an Eoraip de dhíth ar an tionsclaíocht. Ní féidir linn ligean dár dtionsclaíocht imeacht as an Eoraip. Tá ár gcuid figiúirí thar a bheith soiléir: is féidir leis an tionsclaíocht Eorpach fás a sheachadadh agus fostaíocht a chruthú. Is ar an ábhar sin a ghlacamar straitéis mhionsonraithe leis an Eoraip a ath-thionsclú.”

Ní bheidh an tréimhse seo romhainn chomh héagsúil sin lenár stair glórmhar, tráth ina raibh an Eoraip ar thús cadhnaíochta sa chéad réabhlóid thionsclaíoch. In ainneoin an phróisis leanúnaigh athstruchtúraithe atá ar siúl i roinnt earnálacha, tá an tionsclaíocht ag filleadh ar an Eoraip, agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiúin tacú leis an bpróiseas sin a mhéad is féidir. Tá straitéis nua ceaptha chuige sin. Is éard atá ann rochtain níos éasca ar mhaoiniú a chur ar fáil, díriú ar nuálaíocht agus oideachas, agus na bacainní sin atá fágtha ar an margadh inmheánach agus a chuireann cosc ar ár monaróirí - go háirithe na monaróirí níos lú - a ngnólachtaí a leathnú lasmuigh den AE, a bhaint.

Tugtar aird ar leith ar chothú idéanna nua agus iad a thabhairt chuig an margadh go tapa. Is gné fhíorthábhacht den nuálaíocht í an tionsclaíocht: tagann 80 % d’infheistíocht phríobháideach an AE sa taighde agus sa nuálaíocht ón earnáil seo. Ag an am céanna, is gné fhíorthábhachtach den tionsclaíocht í an nuálaíocht: i ngeall ar nuálaíocht fanann tionsclaíocht iomaíoch. Dá bhrí sin áirítear i straitéis an AE maoiniú nua d’earnálacha nuálaíocha, amhail margaí do tháirgí bithbhunaithe agus d’eangaigh chliste, rud a chuideoidh le tionsclaíocht an AE céim abhalmhór chun tosaigh a dhéanamh, ó thaobh na nuálaíochta de, a mbeidh éifeachtaí tairbhiúla aici ar líon fairsing earnálacha idirnasctha.

Ina theannta sin díríonn an straitéis nua ar na naisc idir taighde agus gnó a neartú. Is é is cuspóir léi leas iomlán a bhaint as na hidéanna is cliste ónár mic léinn agus ár dtaighdeoirí. Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta ar domhan i mbun paitinnithe i roinnt earnálacha, ach ní i gcónaí a chuireann sí chun a leasa eacnamaíoch é. Is sampla rabhaidh iad na grianphainéil. Is iad taighdeoirí Eorpacha a chuireann isteach trian de na paitinní ar fud an domhain, ach ní dhéantar ach 13 % den táirgeadh san Eoraip. Ní mór dúinn deireadh a chur leis na míchothromaíochtaí sin.

Is chun leasa an chomhshaoil é an tionsclaíocht a thabhairt ar ais chun na hEorpa, mar go mbeidh níos mó línte táirgthe faoi réir dhianrialacha an AE maidir le laghdú gás ceaptha teasa. Is minic a fhágann an táirgeadh easchósta gur féidir le cuideachtaí leas a bhaint as reachtaíochtaí nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol. Féadtar an costas airgeadais sa ghearrthéarma a laghdú, ach méadófar an dochar san fhadtéarma dár bpláinéad. Tá an Eoraip i gcoinne na babhtála mí-eiticiúla seo agus iarrann sí filleadh ar thionsclaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus glan sa bhaile.

Tuilleadh eolais English (en)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr