Amhábhair- Is gá rochtain ar amhábhair chriticiúla do thionscal na hEorpa
Dlúthchuid is ea amhábhair de tháirgí ard-teicneolaíochta is de ghnáth-tháirgí tomhaltóirí, mar fhóin phóca, fótavoltaigh chaolchisil, cadhnraí ian litiam, cáblaí snáthoptaice, breoslaí sintéiseacha, agus nithe eile nach iad. Ach tá siad ag dul i dteirce, de réir tuarascála a d'fhoilsigh grúpa saineolaithe a raibh an Coimisiún Eorpach mar chathaoirleach air an 17 Meitheamh 2010.
I dteachtaireacht a eisíodh ar 2 Feabhra 2011, dhírigh an Choimisiún aird ar thábhacht amhábhar agus ar an gcontúirt a thagann le hathraithe móra ar phraghasanna i margaí tráchterraí. Cuireann na luaineachtaí i bpraghasanna (atá mar thoradh ar bhearta cosantacha) le hardú boilsciú agus saobhann siad na margaí amhábhar domhanda. Tá tionchar diúltach aige sin ar a lán earnálacha Eorpacha ón tionscal talmhaíochta go dtí an tionscal gluaisteán.
Ar phríomhghnéithe chur chuige chomhtháite stráitéiseach na hEorpa tá:
- Na margaí tráchtearraí díorthacha a fheabhsú ó thaobh ionracais, trédhearcachta agus cobhsaíochta de, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoracha ar Mhí-Úsáid an Mhargaidh agus Margaí in Ionstraimí Airgeadais;
- Tabhairt faoi thaighde breise ar fhorbairtí sna margaí airgeadais agus margaí earraí fisiciúla, agus é mar aidhm a aithint conas mar a oibríonn na nascachtaí;
- Leasú rialta ar liosta na 14 amhábhar criticiúil faoi mar a shainaithin an gCoimisiúin Eorpach cheana;
- Monatóireacht ar dhul chun cinn rochtain ar amhábhar criticiúil, agus é mar aidhm gníomhuithe tosaíochta a aithint;
- Straitéis trádála an AE i ndáil le hamhábhair a neartú agus saothrú ar "thaidhleoireacht amhábhar" le haghaidh a thabhairt ar thosaíochta na n-abhábhar i gcreataí nó i gcomhphléití déthaobhacha nó iltaobhacha;
- Ag forbairt comhoibriú déthaobhach leis na tíortha Afraicacha i réimse na n-abhábhar, bunaithe ar rialachas, infheistiú, eolais geolaíochta agus scileanna a chothú.
Sa chéad fhorléargas riamh seo ar staid rochtana ar amhábhair mianraí don AE, measadh 14 amhábhar a bheith “criticiúil” don Aontas Eorpach: Antamón, Beirilliam, Cóbalt, Fluar, Gailliam, Gearmáiniam, Graifít, Indiam, Maignéisiam, Niaibiam, Miotail Ghrúpa Platanaim, Dúile tearc-chré, Tantalam agus Tungstan. Níl mearcair ar an liosta fós.
Ar an gcuid is measa de, b'fhéidir go mbeadh ar thionscal na hEorpa an táirgeadh san AE a stopadh murar féidir na hamhábhair riachtanacha a onnmhairiú nó má bhíonn siad chomh costasach go gcuirfidís isteach ar chumas iomaíochta idirnáisiúnta ghnólachtaí na hEorpa. D'fhonn a leithéid de ghanntanais a sheachaint, dúirt Leas-Uachtarán an Chomisiúin Antonio Tajani: "Tá fúinn a chinntiú go leanfaidh tionscal na hEorpa le ról ceannasach sna nua-theicneolaíochtaí agus sa nuáil. Dá bhrí sin, ní mór dúinn a áirithiú ná cuirfear isteach ar rochtain ar amhábhair do ghnólachtaí. Is tábhachtach riar cothrom ar mhargaí seachtracha a fháil, fara dea-chreat chun soláthar amhábhar inbhuanaithe ó fhoinsí an AE, agus feabhas ar chnuaisciúnacht acmhainní agus breis úsáide ar athchúrsáil.''
Tuartar go bhféadfadh an t-éileamh méadú faoi thrí do shraith amhábhar criticiúil faoi 2030 i gcomparáid le leibhéal 2006. Is iad fás na ngeilleagar forbraíochta agus na nuatheicneolaíochtaí éiritheacha faoi deara an t-éileamh a bheith ag fás. Is airde priacal an tsoláthair toisc gur ó dhornán tíortha a thagann cuid mhaith den táirgeadh domhanda: An tSín (antamón, fluar, gailliam, gearmáiniam, graifít, indiam, maignéisiam, dúile tearc-chré, tungstan), an Rúis (PGM), Poblacht Dhaonlathach an Chongó (cóbalt, tantalam) agus an Bhrasaíl (niaibiam agus tantalam). Is minic gur measa fós an tiús táirgeachta de dheasca rátaí ísle athchúrsála agus inmhalartaitheachta ísle. Thairis sin, tá a lán geilleagar éiritheach a bhfuil straitéisí forbartha tionscail á leanúint acu le huirlisí infheistíochta, cáachais agus trádála a bhfuil fúthu a mbonn acmhainní a chur in áirithe dóibh féin amháin.
Éileamh domhanda na dteicneolaíochtaí éiritheacha arna thaifeach d'amhábhair in 2006 agus 2030 i gcomparáid le holltáirgeadh domhanda an tsain-amhábhair sin sa lá atá inniu ann
| Amhábhar | Táirgeadh 2006 (t) | Éileamh ó theicneolaíochtaí éiritheacha 2006 (t) | Éileamh ó theicneolaíochtaí éiritheacha 2030 (t) | Táscaire 20061 | Táscaire 20301 |
|---|---|---|---|---|---|
| Gailliam | 152 | 28 | 603 | 0,18 | 3,97 |
| Indiam | 581 | 234 | 1.911 | 0,40 | 3,29 |
| Gearmáiniam | 100 | 28 | 220 | 0,28 | 2,20 |
| Neoidimiam (tearc-chré) | 16.800 | 4.000 | 27.900 | 0,23 | 1,66 |
| Platanam (PGM) | 255 | an-bheag | 345 | 0 | 1,35 |
| Tantalam | 1.384 | 551 | 1.410 | 0,40 | 1,02 |
| Airgead | 19.051 | 5.342 | 15.823 | 0,28 | 0,83 |
| Cóbalt | 62.279 | 12.820 | 26.860 | 0,21 | 0,43 |
| Palladiam (PGM) | 267 | 23 | 77 | 0,09 | 0,29 |
| Tíotáiniam | 7.211.0002 | 15.397 | 58.148 | 0,08 | 0,29 |
| Copar | 15.093.000 | 1.410.000 | 3.696.070 | 0,09 | 0,24 |
1Tomhaiseann an táscaire cion an éilimh a eascraíonn as tiomáint na dteicneolaíochtaí éiritheacha in éileamh iomlán an lae inniu maidir le gach amhábhar in 2006 agus 2030;
2Tiúchán mianta

An LU Tajani ag Comhdháil faoi Thionscnamh Amhábhar an AE i Meitheamh 2010
Caidreamh fabhrach a bhunú leis an Afraic
Ag Ceathrú cruinniú Coláiste-go-Coláiste an AE-AA an 8ú Meitheamh 2010 in Addis Ababa, phléigh an Leas-Uachtarán Tajani cúrsaí mórthábhtacha sa chaidreamh idir an dá mhór-roinn,amhail beartas inbhuanaithe chun rochtain ar amhábhair a fheabhsú, an deis chun imeascadh réigiúnach agus bonneagair a chothú, le haire ar leith do thualaing na bhfionnachtana spáis.
Maidir le rochtain ar amhábhair, d'aontaigh Coimisiún an Aontais Afracaigh (CAA) agus an Coimisiún Eorpach oibriú le chéile faoi rialachas, faoi bhonneagar agus faoi eolas agus scileanna geolaíocha. Tá tualaing mhór ag an Afraic nár forbraíodh go hiomlán fós. Le linn an phlé, dúirt an Leas-Uachtarán Tajani: "Is iomaí sineirge idir toise na forbraíochta seachtraí inár dTionscnaimh Amhábhar agus toise na forbraíochta geilleagraí i bhFís Mianadóireachta na hAfraice." D'fhéadfaí comhar faoi amhábhair a chur chun feidhme trí na huirlisí beartais forbraíochta atá ann cheana féin, agus trí chumas bainistíochta amhábhar agus ioncaim na dtíortha Afracacha a chothú. Breis eolais
[52 KB]
Do réamhaisnéisí faoin tslí ina bhféadfadh athruithe teicneolaíochta feasta dul i gcion ar thábhacht gheilleagrach na n-amhábhar agus do lánliosta na moltaí, féach an meabhrán preasa: Tuarascáil a liostaíonn 14 amhábhar mhianracha chriticiúla
Preaseisiúint: Réamhaithrisíonn taighde go mbeidh ganntanas i 14 amhábhar mianraí chriticiúla![]()
![]()
![]()
Teachtaireacht faoi Thionscnamh na nAmhábhar "Ár riachtanais chriticiúla don fhás is do phoist san Eoraip a chomhall
"

