Cosaint sonraí
Conas a chosnaítear sonraí na sínitheoirí?
I rith an nós imeachta ar fad, ní mór d'eagraithe cloí leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí pearsanta a eascraíonn as Treoir 95/46/CE. Go háirithe, sula mbaileoidh siad ráitis tacaíochta, d'fhéadfadh go mbeadh ceangal ar eagraithe fógra a thabhairt don údarás/do na húdaráis um shonraí a chosaint sa bhallstát/sna ballstáit AE ina bpróiseálfar na sonraí.
Thairis sin, sa Rialachán um thionscnamh na saoránach tá forálacha níos sáiniúla faoi chosaint sonraí.
Ní mór d'eagraithe:
- bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh, bíodh sé de thaisme nó mídhleathach, nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh neamhúdaraithe nó ar rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina bhfuil tarchur sonraí thar líonra i gceist leis an bpróiseáil, agus chun iad a chosaint ar gach cineál próiseála mídhleathach eile.
- a chinntiú ná húsáidfear sonraí a bhailítear chun aon chríche eile seachas chun tacú leis an saintionscnamh sin;
- na ráitis tacaíochta uile agus aon chóipeanna díobh a scriosadh mí amháin ar a dhéanaí tar éis a dtionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó 18 mí tar éis a dháta chlárúcháin, pé acu is luaithe*.
Mar an gcéanna, ní mór d'údaráis náisiúnta:
- gan na sonraí pearsanta a úsáid ach amháin chun críche ráitis tacaíochta a fhíorú;
- na ráitis tacaíochta uile agus aon chóipeanna díobh a scriosadh mí amháin ar a dhéanaí tar éis líon na ráitis tacaíochta bailí a fhíorú*.
* Féadfar ráitis tacaíochta a choimeád thar na teorainneacha ama sin más gá chun críche imeachtaí dlí nó riaracháina a bhaineann leis an tionscnamh. Sa chás sin, ní mór d'eagraithe na ráitis tacaíochta uile agus na cóipeanna díobh a scriosadh tráth nach déanaí ná seachtain tar éis an dáta a cuireadh i gcrích na himeachtaí sin trí chinneadh deiridh.