Navigation path

Leathanach baile Teagmháil Léarscáil an tsuímh

Faoi thionscnamh na saoránach

Aimsigh tionscnamh

Seol tionscnamh

  • RSS
Ceisteanna coitianta faoi inniúlachtaí an AE is faoi chumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh




Inniúlachtaí an AE

  1. Cad iad inniúlachtaí an AE? Cá bhfuil sainmhíniú orthu?

    Is i gConarthaí an AE (Airteagail 2-6 den Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – CFAE) a shainítear inniúlachtaí an Aontais.

    Inniúlacht eisiach
    (féach Airteagal 3 CFAE)
    Inniúlacht roinnte
    (féach Airteagal 4 CFAE)
    Inniúlacht tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh
    (féach Airteagal 6 CFAE)
    Inniúlacht chun socruithe a chur ar fáil faoina gcaithfidh ballstáit an AE beartais a chomhordú
    (féach Airteagal 5 CFAE)
    • aontas custaim
    • na rialacha iomaíochais is gá d'fheidhmiú an mhargaidh aonair a bhunú
    • beartas airgeadaíochta do na ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu
    • acmhainní bitheolaíocha muirí a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh
    • comhbheartas tráchtála
    • comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích
      • nuair a éilíonn gníomh dlí ón AE go dtabharfaí i gcrích iad
      • nuair is gá iad a thabhairt i gcrích leis an AE a chumasú chun a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú
      • chomh fada is a d'fhéadfadh a dtabhairt i gcrích dul i bhfeidhm ar chomhrialacha nó a raon.
    Gníomhartha AE a bhfuil ceangal dlí leo sna réimsí sin, ní féidir leo comhchuibhiú ar dhlíthe nó ar rialacháin náisiúnta a dhéanamh intuigthe.

    Fairis sin, tugann an Conradh ar an Aontas Eorpach inniúlacht don AE comhbheartas eachtrach agus slándála, a shainiú is a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.

    NB: I bhformhór na réimsí beartais inar féidir leis an AE gníomhú, bíonn cumhacht ag an gCoimisiún togra do ghníomh dlí a chur isteach. I gcuid acu, ámh – amhail an comhbheartas eachtrach agus slándála – níl an chumhacht sin ag an gCoimisiún.

  2. Cad iad na catagóirí éagsúla inniúlachtaí AE?
    Roinntear inniúlachtaí an AE ina dtrí chatagóir:
    • inniúlacht eisiach ag an AE ((Airteagal 3 CFAE) ) (ní féidir ach leis an AE gníomhú)
    • roinntear inniúlachtaí idir an AE agus na ballstáit (Airteagal 4 CFAE) (Ní féidir leis na ballstáit gníomhú ach amháin má roghnaigh an AE gan gníomhú)
    • inniúlacht ag an AE chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh ((airteagal 6 CFAE)) – sna réimsí sin, fhéadfaidh an AE gníomhartha a ghlacadh atá ceangailteach ó thaobh dlí a thugann ar na ballstáit a ndlíthe agus a rialacháin a chomhchuibhiú.
  3. Cad is "inniúlacht roinnte" ann?

    "Inniúlacht roinnte", siin go bhféadfaidh an AE agus a bhallstáit araon gníomhartha a ghlacadh atá ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse lena mbaineann.

    Ní féidir leis na ballstáit é sin a dhéanamh, ámh, ach amháin nuair nár fheidhmigh an AE a inniúlacht nó nuair a scoir sé go sainráite den fheidhmiú sin.

  4. Sna réimsí inar féidir leis an AE gníomhú chun gníomhaíocht na mballstát a chomhordú, cur léi nó tacú léi, an bhfuil inniúlacht ag an AE reachtaíocht atá i bhfeidhm sna ballstáit a chomhchuibhiú?

    NÍL - gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí sna réimsí sin, ní thabharfaidh siad comhchuibhiú ar dhlíthe nó ar rialacháin náisiúnta.

Cumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh chun gníomh dlí de chuid an Aontais a mholadh

  1. Cad is gníomh dlí de chuid an Aontais ann?

    Gníomhartha dlíthiúla an AE, sin gníomhartha reachtacha nó neamhreachta lenar ghlac institiúidí an AE.

    Tá cúig chineál gníomhartha ar féidir le hinstitiúidí an AE iad a ghlacadh.

    Gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí
    • rialacháin
    • treoracha
    • cinntí

    Gníomhartha ná fuil ceangailteach ó thaobh dlí
    • moltaí
    • tuairimí

    Do bhreis sonraí féach Airteagal 288 CFAE.

  2. Cad é ról an Choimisiúin i bpróiseas reachtach an AE?

    I bpróiseas reachtach an AE, is é an Coimisiún a dhéanann togra ar ghníomh dlí ón Aontas. Ní mór don reachtóir é a ghlacadh chun dlí a dhéanamh de. I bhformhór na gcásanna, an reachtóir, sin Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon. I gcásanna áirithe, ceann amháin acu a bhíonn i gceist.

    Tionscnamh saoránach, tugann sé cuireadh don Choimisún chun gníomh dli a mholadh. Má chinneann an Coimisiún togra a chur ar aghaidh, ní mór don reachtóir é a ghlacadh chun dlí a dhéanamh de.

    Do bhreis eolais faoi phróiseas cinnteoireachta an AE, féách Conas a ghlactar cinntí de chuid an AE?.

  3. An féidir leis an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh i ngach réimse ina bhfuil inniúlacht ag an AE?

    NÍ FÉIDIR – mar shampla, tá inniúlacht ag an AE don chomhbheartas eachtrach agus slándála ach níl sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh sa réimse sin.

  4. Cé na cásanna inar féidir leis an gCoimisiún togra ar ghníomh dlí a chur isteach?
    • Pé áit ina nglactar gníomh dlí AE le nós imeachta reachtach (gnáthnós nó speisialta), mura bhforálann na Conarthaí a mhalairt.
    • AGUS
    • pé áit a ndeir na Conarthaí go sainráite go bhfuil an Coimisiún freagrach as gníomh dlí a mholadh.
  5. Cad é an gnáthnós imeachta reachtach? An é an Coimisiún atá i bhfeighil ar thogra a chur isteach faoin bpróiseas sin?

    Sin é an gnáthnós imeachta cinnteoireacht i bhformhór na réimsí beartais AE.

    Tugtar comhdchinnteoireacht air fresin mar bíonn comhghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle ar rialacháin, ar threoracha nó ar chinntí i gceist leis Airteagal 294 CFAE). Ní fhéadfaidh ceachtar institiúid (Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle) an gníomh reachtach a ghlacadh léi féin.

    An Coimisiún atá i bhfeighil ar an togra ar ghníomh reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    Breis faoin ngnáthnós imeachta reachtach

  6. Cad is nós imeachta reachtach speisialta ann? An é an Coimisiún atá i bhfeighil ar thogra a chur isteach faoin gcineál sin nós imeachta?

    Bíonn nósanna imeachta reachtacha speisialta i bhfeidhm i sainchásanna a luaitear go sainráite sna Conarthaí, áit a nglactar rialachán, treoir nó cinneadh i bParlaimint na hEorpa le rannpháirtíocht na Comhairle, nó ag an gComhairle le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa Airteagal 289(2) CFAE).

    Ní hionann na nósanna imeachta reachtacha speisialta ag brath ar an ní lena mbaineann.

    An Coimisiún atá i bhfeighil ar an togra ar ghníomh reachtach a chur faoi bhráid an reachtóra (Parlaimint/Comhairle), ach amháin nuair a fhorálann na Conarthaí a mhalairt.

  7. An ann do nósanna imeachta eile (neamh-reachtacha) faoi deara gníomh dlí ón Aontas (seachas gníomh reachtach) a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún?

    IS ANN –– sainíonn na Conarthaí an nós imeacht chun iad a ghlacadh ar bhonn cás ar chás.

    Ní ghlactar na gníomhartha sin ar bhonn togra ón gCoimisiún ach amháin nur a fhorálann na Conarthaí sin.