This site has been archived on (11/05/2012)
11/05/2012

Cosán nascleanúna

    • Print version
    • Decrease text
    • Increase text

    Eolaíochtaí na mbeo agus biteicneolaíocht

    In Eanáir 2002, ghlac an Coimisiún le straitéis don Eoraip i réimse eolaíochtaí na mbeo agus na biteicneolaíochta (COM(2002)27). Freagra ar spéis na Comhairle Eorpaí in eolaíochtaí na mbeo is ea an straitéis seo. Molann sí léarscáil slí iomlán go dtí 2010 agus cuireann an earnáil seo sa chéad sraith de na teicneolaíochtaí avant-garde a chabhraíonn chun an tAontas Eorpach a chur ar aghaidh i dtreo an chuspóra straitéisigh fhadtéarmaigh a shainigh Comhairle Eorpach Liospóin i Márta 2000.

    Dhá ghné atá sa straitéis: beartas ginearálta agus plean 30 pointe chun é a chur i ngníomh. Tugann sé cur síos beacht ar a bhfuil le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na forais eile Eorpacha agus molann bearta do na hearnálacha poiblí is príobháideacha, leis. Creatlach tagartha is ea an stratéis, mar sin, do chur i bhfeidhm na ngníomhairí éagsúla ina réimsí freagrachta féin agus don chomhoibriú eatarthu.

    Leanann an Coimisiún cur i bhfeidhm na straitéise agus foilsíonn sé turiariscí ar an dul chun cinn go rialta.

    I 2007, rinne sé scrúdú leathshlí ar an straitéis Eorpach do réimse eolaíochtaí na mbeo agus na biteicneolaíochta, bunaithe ar mheastóireacht ar an dul chun cinn ó 2002 agus ar an staidéar "Bio4EU". Thug an staidéar seo, a d'iarr Parlaimint na hEorpa, meastóireacht ar ghnéithe geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil na biteicneolaíochta. Léiríonn an staidéar cuid mhaith samplaí nithiúla de chur chun feidhme na biteicneolaíochta i réimsí na sláinte, an bhia agus an chomhshaoil. D'athbhreithnigh an Coimisiún a straitéis faoina léas. Chuir an tUachtarán Barroso scéala i láthair faoin athbhreithniú seo.