An Coimisiún Eorpach i mbun oibre

Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht ar leasanna an AE ina iomlán. Molann sé reachtaíocht nua do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus áirithíonn sé go gcuireann ballstáit dlí AE i bhfeidhm i gceart.

Déanann an téarma ‘Coimisiún’ tagairt do na 28 Coimisinéir agus don institiúid féin i gcoitinne.

Tá an ceart tionscnaimh ag an gCoimisiún dlíthe a mholadh lena nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an AE (airí náisiúnta). I gcuid mhaith cásanna, déanann an Coimisiún moltaí chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi chonarthaí AE, nó toisc gur iarr institiúid, tír nó geallsealbhóir eile as an AE air gníomhú. Ó Aibreán 2012, féadfaidh saoránaigh an AE iarraidh freisin ar an gCoimisiún dlíthe a mholadh (Tionscnamh Eorpach na Saoránach).

Sula ndéanann sé moltaí, téann an Coimisiún i gcomhairle go forleathan ionas go mbeifear in ann tuairimí geallsealbhóirí a ghlacadh san áireamh. I gcoitinne, déantar measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag píosa faoi leith d’acht reachtaíochta a fhoilsiú in éineacht leis an togra féin.

Ciallaíonn prionsabail na coimhdeachta danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska agus na comhréireachta danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska nach féidir leis an AE reachtaíocht a dhéanamh ach amháin i gcásanna ina mbeidh gníomh níos éifeachtaí ar leibhéal an AE ná ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, agus gan níos mó a dhéanamh ná mar atá riachtanach chun na cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach.

Chomh luath is a ghlactar le reachtaíocht AE, áirithíonn an Coimisiún go gcuireann ballstáit AE eile i bhfeidhm í i gceart.

Naisc mhóréilimh

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 
Féach freisin
Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?