Fógra tábhachtach dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil
Treaty of LisbonSkip language selection bar (shortcut key=2)
EUROPA > Conradh Liospóin > An Conradh i sracfhéachaint > Forais nua-aoiseacha éifeachtacha
Leathanach BaileLeathanach Baile

Forais nua-aoiseacha éifeachtacha

Ní athraíonn Conradh Liospóin ailtireach forasach an Aontais, atá bunaithe i gcónaí ar an triantán Parlaimint, Comhairle, Coimisiún. Mar sin féin, tugann sé isteach roinnt nithe nua a neartóidh éifeachtacht, comhdhlúthacht agus trédhearcacht na bhforas, chun freastal níos fearr ar shaoránaigh na hEorpa.

Seacht bhforas a bheidh ag an Aontas feasta: Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus Cúirt na nIniúchóirí. Le Conradh Liospóin, cad a athróidh?

Parlaimint na hEorpa

Parlaimint na hEorpa atá mar ionadaí ar shaoránaigh na mBallstát. Neartaíonn Conradh Liospóin a cumhachtaí reachtaíochta, buiséid agus chun comhaontuithe idirnáisiúnta a fhormheas. Athraíonn sé a comhdhéanamh freisin: ní thig le líon na gcomhaltaí dul thar 751 (750 agus an t-uachtarán), agus beidh prionsabal na hionadaíochta iarchéimnithí i bhfeidhm do dháileadh sa suíochán idir na Ballstáit. Ciallaíonn an prionsabal seo go mbeidh comhaltaí na dtíortha le daonra mór ina n-ionadaithe ar níos mó saoránach ná ionadaithe na dtíortha le daonra níos lú. Foráileann an Conradh freisin nach dtig le Ballstát níos lú ná 6 chomhalta ná níos mó ná 96 chomhalta a bheith aige

An Chomhairle Eorpach

Déanann an Conradh foras de chuid an Aontais den Chomhairle Eorpach, gan a thuilleadh cumhachtaí a thabhairt dó. Os a choinne sin, beidh uachtarán ar an gComhairle Eorpach anois, a thoghfaidh an Chomhairle Eorpach ar feadh dhá bhliain go leith. Beidh de chúram air ullmhú agus leanúnachas obair na Comhairle Eorpaí a chinntiú agus an comhdhearcadh a lorg. Ní thig le duine glacadh le haon sainordú náisiúnta fad is atá sé mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach.

An Chomhairle

An Chomhairle atá mar ionadaí ar na Ballstáit. Ní athraíonn a ról mórán. Leanfaidh sí ag roinnt na bhfeidhmeanna reachtaíochta is buiséid le Parlaimint na hEorpa, coinneoidh sí ról lárnach sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus i gcomhordú na mbeartas geilleagracha.

Leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann príomhathrú Chonradh Liospóin. Ar dtús, foráiltear gur trí thromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle, ach amháin nuair a leagann na conarthaí síos nós imeachta eile, mar an vótáil aontola. Go praiticiúil, leathnófar an vótáil trí thromlach cáilithe go cuid mhaith réimsí nua (inimirce agus cultúr, mar shampla) arna theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin

Ansin, beidh an vótáil le tromlach dúbailte na Stát (55%) agus an daonra (65%), a thabharfar isteach i 2014 agus a bheidh ionadaíoch ar dhlisteanacht dhúbailte an Aontais, in ann an trédhearcacht agus an éifeachtacht araon a neartú. Iomlánófar an tslí nua ríofa seo le sásra cosúil le "comhghéilleadh Ioannina", a ligfidh do roinnt bheag stát (gar do mhionlach bhlocála) a bhfreasúra le cinneadh ar bith a léiriú. Caithfidh an Chomhairle a dícheall a dhéanamh ansin chun teacht ar réiteach sásúil idir an dá thaobh, gan mhoill mhíréasúnta.

An Coimisiún Eorpach

Comhleasanna na hEorpa a chur chun cinn, sin is príomhchúram dó. Faoin gConradh nua beidh Coimisinéir as gach Ballstát ina bhall den Choimisiún, ach de réir na gConarthaí faoi láthair ba ghá líon na mball a laghdú go líon is lú ná líon na mBallstát.

Nuacht thábhachtach eile: tugann Conradh Liospóin nasc díreach isteach idir torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa agus roghnú an iarrthóra d’uachtaránacht an Choimisiúin.

Beidh ról neartaithe ag Uachtarán an Choimisiúin freisin, sa mhéid is go mbeidh sé in ann tabhairt ar bhall den choláiste éirí as.

Ardionadaí an Aontais don chomhbheartas eachtrach agus slándála agus leas-uachtarán an Choimisiúin

Ceann de phríomh-nuálaíochtaí forasacha Chonradh Liospóin is ea post mar Ardionadaí an Aontais don chomhbheartas eachtrach agus slándála a chruthú. Ba cheart go dtreiseodh sé sin comhtháthú ghníomhú eachtrach an Aontais.

Dhá hata a bheith ar an ardionadaí seo: beidh sé i bhfeighil ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála don Comhairle (CBES) agus beidh sé mar leas-uachtarán an Choimisiúin do ghnóthaí eachtracha. Beidh de chúram air beartas gnóthaí eachtracha agus beartas na comhchosanta a striúradh, agus mar sin is é a bheidh mar chathaoirleach ar an gComhairle do ghnóthaí eachtracha. Thairis sin, beidh sé mar ionadaí ar an Aontas don CBES i gcúrsaí idirnáisiúnta. Beidh seirbhís Eorpach gnóthaí eachtracha ag cabhrú leis, ina mbeidh feidhmeannaigh de chuid na Comhairle, an Choimisiúin agus na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta.

Na Forais eile

Is beag athrú ar fhorálacha na gconarthaí a bhaineann le Banc Ceannais na hEorpa (BCE) agus le Cúirt na nIniúchóirí. Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, leathnaíonn Conradh Liospóin a ghort idirghabhála, go háirithe i gcúrsaí comhoibriú póilíneachta agus coiriúla, agus tugann isteach cúpla athrú sa nós imeachta.

Na parlaimintí náisiúnta

Bíodh is nach cuid de chomhdhéanamh institiúideach oifigiúil an AE iad na parlaimintí náisiúnta, bíonn ról ríthábhachtach acu in oibriú an AE. Aithníonn agas neartaíonn an Conradh ról na bparlaimintí náisiúnta. Mar shampla, má chreideann leorlíon parlaimintí náisiúnta gurbh fhearr tionscnamh reachtach a thógáil ag leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, beidh ar an gCoimisiún é a tharraingt siar, sin nó fírinniú soiléir a thabhairt ar na fáthanna nach gcreideann sé gur sárú ar phrionsabal na coimhdeachta an tionscnamh.

Fógra tábhachtach dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr