This site has been archived on 28/02/2013
28/02/2013

Cén fáth a n-ólfá bainne?

Tá bainne agus táirgí bainne saibhir i mórán vitimíní, carbaihiodráití agus mionraí. Ach conas a chuidíonn na cothaithigh seo le do chorp a choinneáil sláintiúil?

Síleann cuid mhór daoine gur deoch do leanaí é an bainne, ach tá leasanna éagsúla ag an deoch seo, saibhir le cothaithigh do dhaoine fásta freisin. De réir mar a éiríonn muid níos sine bíonn dúshláin sláinte nua romhainn agus trí tháirgí bainne a ól agus a ithe déanaimid cinnte de gur féidir lenár gcoirp freagairt do na dúshláin seo ar dhóigh shármhaith. Creideann mórán daoine go bhfuil cuid mhór saille i dtáirgí bainne agus go minic fágann siad amach as a gcothú iad agus iad ag iarraidh meáchan a chailleadh. Ach, sa chuid is mó d’áiteanna is féidir bainne agus táirgí bainne a fháil a bhfuil céatadáin éagsúla de shaill iontu, agus mar sin thig leat an táirge atá is cuí do do riachtanais chothaitheacha a roghnú.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi leasanna bainne do leanaí agus do dhaoine fásta féach rannóga ábhartha ar ár láithreán gréasáin

Bosca Uirlisí