Clár Bhainne Scoile na hEorpa
Ní bhaineann Clár Bhainne Scoile an Aontais Eorpaigh le bainne amháin. Baineann sé le bainne, iógart, bláthach agus táirgí sobhlasta eile bainne atá tábhachtach maidir le cothú maith agus le réim chothrom bia. Baineann sé leatsa agus le d’fholláine: ag ithe go maith, ag coinneáil aclaí agus a bheith sláintiúil.
Agus é lán de chailciam, vitimíní, mhianraí agus chothaithigh eile atá riachtanach don chorp, tugann bainne agus táirgí bainne cumhacht duit i do ghnáthshaol. Fiosraigh ár láithreán gréasáin agus faigh amach faoin “gcumhacht” chothaitheach déiríochta agus déan scrúdú ar an eolas atá agat ar bhainne agus ar tháirgí bainne.
An bhfuil scairdeán bainne agaibh ar scoil? An féidir leat iógart nó bainne a fháil ag am lóin na scoile? An bhfuil a fhios agat, le cuidiú ó Chlár Bhainne Scoile na hEorpa i mórán áiteanna, gur féidir le do scoil iad seo agus táirgí bainne eile a thairiscint duit. Tá torthaí agus glasraí tábhachtach freisin le coinneáil sláintiúil, agus mar sin de ba mhaith leis an AE torthaí agus glasraí a sholáthar saor in aisce duit ar scoil trí Scéim Thorthaí Scoile na hEorpa.

Léigh ar aghaidh




