Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Uimhir ghutháin amháin do sheirbhísí éigeandála ar fud na hEorpa.
An mbeadh a fhios agatsa cén uimhir ar cheart glaoch uirthi dá mbeadh tionóisc san obair nó ar scoil agat? Agus dá mbeifeá ar saoire thar lear? Cuma cén áit san AE ina bhfuil tú, níl ach uimhir amháin do sheirbhísí éigeandála gur gá cuimhneamh uirthi –112.
In éigeandáil bíonn tábhacht le gach meandar. Ní mian leat bheith ag fústráil thart chun uimhir ghutháin a fháil agus beatha duine i mbaol. Sin fáth na huimhreach nua a thug an tAE isteach do gach Ballstát. Is ionann an uimhir má théann do theach trí thine sa tSualainn nó má bhíonn tionóisc bhóthair agat san Iodáil.
Nuair a ghlaonn tú ar 112, pléifidh oibritheoir áitiúil le do ghlaoch go díreach nó cuirfidh ar aghaidh thú chun na seirbhíse éigeandála atá uait – otharcharr, póilíní nó bríogáid dóiteáin.
Slí phraiticiúil chun saorghluaiseacht shábháilte na nEorpach a chinntiú is ea an uimhir éigeandála aonair AE . Oibríonn an uimhir 112 i ngach tír AE cheana féin ach amháin sa Bhulgáir. Ní thógann sí ionad na n-uimhreacha éigeandála náisiúnta - oibríonn sí taobh leo.
Tá an uimhir seo ann le 20 bliain anuas ach níl sí ar eolas ach ag 22% de mhuintir na hEorpa. Chun é seo a réiteach, tá an tAE ag iarraidh ar na Ballstáit poiblíocht a thabhairt don uimhir agus a mhíniú conas í a úsáid.
Má bhriseann do charr síos ar mhótarbhealach, mar shampla, – ní hí sin an uimhir atá uait! Iarrtar ar thíortha freisin a chinntiú gur féidir glaoiteoirí a rianú. Riachtanas dlí é sin ach rud praiticiúil freisin toisc go mb'fhéidir nach dtig le glaoiteoir a rá go cruinn cá bhfuil sé/sí.
Tig leat 112 a dhiailiú saor in aisce ó líne thalún, ó fhón póca nó ó íocfón. Is gnách go n-oibríonn na glaonna, fiú mura bhfuil creidmheas agat nó má tá d'fhón póca thar raon a ghréasáin.