Cosán nascleanúna

Measúnú priacail an eochair do shábháilteacht san obair.

Tionóisc ag fanacht le tarlú a bhí ann.

Bhí an fheirm i dtuaisceart na Fraince an-ghnóthach an lá sin. Bhí fuadar faoi Viviane Decock ag líonadh cliathbhoscaí le siocaire nuaphioctha. An fómhar a bhí ann, is bhí sí ar a dícheall chun coimeád suas leis na piocairí. Go tobann thug sí faoi deara go raibh cliabhbhosca ar tí titim de mheaisín cruachta.

"An uair sin ní bhíodh aon chás cosanta ann. Mar sin, b'fhurasta dom mo lámh a chur isteach chun breith ar an gcliathbhosca ... ach bhain an meaisín an lámh díom.

Gach bliain maraítear thart ar 7,500 oibrí san AE ina gcuid oibre agus éagann timpeall 170, 000 de dheasca tionóiscí nó breoiteachtaí a bhaineann leis an obair. Gortaítear breis is 7 milliún chomh holc sin gur gá dóibh trí lá saor ón obair ar a laghad. An fheirmeoireacht, an tógáil, an t-iompar agus cúram sláinte na gairmeacha is contúirtí.

D'fhéadfaí cuid mhaith de na tionóiscí seo a sheachaint trí mheasúnú priacail българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska críochnúil, ach ní dhéanann cuid mhaith fostóirí é sin i gceart. Is minicí do chuideachtaí móra ná do chinn bheaga staidéar faoi mheasúnú priacail a dhéanamh. Ach is i ngnóthais bheaga is mheánmhéide a tharlaíonn 80% de thionóiscí agus 90% na mbásanna san obair. Ní tragóid don duine lena mbaineann amháin na tionóiscí is na breoiteachaí oibre. Déanann siad dochar don ghnó freisin.

D'aibhsigh feachtas AE tábhacht na measúnaithe priacail, ag comhairliú do chuideachtaí conas na measúnaithe a dhéanamh. Eagraíodh na céadta ócáid – comhdhálacha, taispeántais is seisiúin oiliúna - ar fud na hEorpa i rith na Seachtaine Eorpaí don tsábháilteacht is don tsláinte san obair English (20-24 Deireadh Fómhair).

Bhí Bean Decock ar dhuine de 10 a bhi fostaithe ar fheirm an tsiocaire nuair a bhain an tionóisc di. D'éirigh le dochtúirí an lámh a athcheangal di ach thóg sé 18 mí, trí obráíd agus dian-athshlánú sula raibh sí in ann roinnt úsáide a bhaint aisti athuair.

Tar éis na tionóisce i 2002, suiteáladh scáileán cosanta timpeall an chórais chumhacht-chruachta, agus thug a fear céile, úinéir na feirme, saineolaí isteach le cabhrú leis chun bagairtí eile do shábháilteacht na n-oibrithe a lorg. "Mhéadaigh ár gcuid feasachta go mór tar éis na tionóisce," arsa Géry Decock. "Roimhe sin, ní dhéanaimis ach obair. Ní fheicimis na contúirtí a bhain léi."

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links